Joined April 2014
1,547 Photos and videos
Guímíd gach rath ar dhaltaí na Sraithe Sóisearaí agus iad ag tabhairt fé na scrúduithe. Bíodh muinín agaibh asaibh fhéin, fanaíg socair agus déanaíg bhur ndícheall. Ádh mór oraibh go léir!
116
Guímíd gach rath ar ár ndaltaí Ardteistiméireachta agus iad ag tabhairt fé na scrúduithe. Bíodh muinín agaibh asaibh fhéin, fanaíg socair agus déanaíg bhur ndícheall. Ádh mór oraibh go léir!
1
4
286
Comhghairdeas ó chroí le Niamh Nic Dhomhnaill agus Máiréad Ní Dhubhaigh ar bronnadh An Gradam Gaeltachta ó Thobar Dhuibhne orthu ag ócáid bhronnta na hArdteiste le déanaí. Bronnadh an gradam orthu mar aitheantas ar an méid oibre atá déanta acu ar son na Gaelainne sa scoil.
4
293
Tháinig deireadh leis an gceardlann scríbhneoireachta lenár scríbhneoir cónaithe, Gormfhlaith Ní Bheoláin Ní Shíocháin, le déanaí. Bhí bliain iontach ag scoláirí na scoile ag forbairt a scileanna scríbhneoireachta, samhlaíochta agus cruthaitheachta trí na ceardlanna spreagúla seo
135
Bhain na daltaí tríú bliana ana shásamh as an siúlóid ar an gcnoc an tseachtain seo caite. Bhí cad é caint, ceol is craic acu ar Chnoc an Chairn.
2
246
Go n-éirí le Ciara Ní Laoithe agus Niamh Ní Shé a bheidh ag imirt le Ciarraí amáireach i gcluiche Leathcheannais na hÉireann. Táimid ana bhródúil astu agus as an méid atá bainte amach acu go dtí seo. Maith sibh!
1
3
268
Comhghairdeas le Davyd Niemtsev ó bhliain 2 as an éacht iontach a bhaint amach ag "Munster Long Course" ag an linn snámha in Ollscoil Luimní le déanaí.
1
125
Bhain na daltaí dara bliana agus na múinteoirí ana thaitneamh as an siúlóid agus snámh i gCeann Trá. Bhí deis ag na héinne sos a thógaint tar éis bliain ghnóthach scoile agus am a chaitheamh le cairde.
167
Bhí ana lá ag an gcúigú bhliain inné agus iad amuigh ag siúl chun deireadh na bliana a cheiliúradh.
1
164
Cuireadh clabhsúr le Laochra Am Lóin don bhliain le déanaí. Gabhaimid buíochas ó chroí le Tobar Dhuibhne as an scéim iontach seo a chur ar fáil dúinn i mbliana. Bhí aoichainteoirí den scoth linn, daoine go bhfuil baint mhór acu leis an nGaelainn agus leis an gcultúr Gaelach.
163
Cuireadh clabhsúr breá leis na ranganna amhránaíochta an tseachtain seo caite. Ár mbuíochas ó chroí le hÁine Uí Laoithe agus le hOidhreacht Chorca Dhuibhne as na ranganna luachmhara seo a chur ar fáil dúinn i rith na bliana.
147
Bhí bua iontach ag buachaillí na chéad bliana le déanaí agus is é Liam Mac Gearailt, captaen na foirne a d'ardaigh Corn Aodán Uí Chonchúir ar an lá. Tugann obair chruaidh toradh. Maith sibh a leaideanna!
1
4
255
Go n-éirí le buachaillí na chéad bliana sa chluiche Ceannais amáireach ag meánlae. Táimid ag súil go mór le clabhsúr rathúil a chur le seachtain rathúil i bPCD. PCD Abú!
187
Cé a chreidfeadh?.....Meánscoil bheag Ghaeltachta ina Seaimpíní na hÉireann sa chispheil! Bhuaigh buachaillí na chéad bliana Craobhchomórtas Cispheile na hÉireann ar an stáitse mór inné i dTamhlacht BÁC. Léirigh na buachaillí scil, obair foirne agus diogbháilteach den scoth!
4
15
688
Guímid gach rath agus ádh ar bhuachaillí na chéad bliana agus iad ag imirt cispheile i gcluiche Ceannais na hÉireann amáireach i dTamhlacht, BÁC. Táid tar éis obair chruaidh, dúthracht agus spiorad foirne iontach a léiriú le linn an tséasúir. Bainíg taitneamh as an ócáid mhór!
2
10
407
Bhí ócáid bronnta na dteastaisi againn le déanaí sa Phobalscoil. Táimid ana bhródúil as torthaí iontacha na ranganna seo. Comhghairdeachas libh go léir!
186
Bhí bua ana mhór ag foireann rugbaí na Poblscoile le déanaí. Bhuadar cluiche Ceannais na Mumhan fé 19 i gcoinne ISK Cill Orglan. Léirigh na himreoirí scil, díograis agus spiorad foirne den scoth ar an bpáirc agus táimid uile ana bhródúil astu. Maith sibh go léir!
1
1
189
Comórtas Lúthchleasaíochta Scoileanna na Mumhan. Kieran Ó Catháin : bonn óir sa Discus agus sa Chaitheamh Meáchain, Ellie Ní Mhainín agus Liam Breathnach an bonn cré-umha sa rás 100m fé 14, Niamh Ní Shé an Bonn airgid san 800m agus Hannah Ní Mhurchú an chéad áit sa Chaitheamh M.
5
262
Ádh mór le himreoirí sacair fé 14 DBR a bheidh ag taisteal go Ciall Chainnigh ar an nDomhnach beag seo do chluiche Ceannais na hÉireann. Éacht iontach bainte amach acu, go n-éirí go geal leo!
2
184
Táimid chomh bródúil as na daltaí seo a thug monalóg cumhachtach uathu ag Féile na Bealtaine le déanaí. Maith sibh Nóra Bealin agus Silva Roudi Charf.
1
137