Léigh cuntas Anna Nic Gafraidh ar Fhéile na Gealaí 2026. Ceol, clábar is craic a bhí thart timpeall uirthi ar feadh deireadh seachtaine i Ráth Chairn. Léigh ag an nasc thíos👇
nos.ie/news/feile-na-gealai-…
Cnuasach eicléictiúil funcaíáilte atá roghnaithe ag Ben Ó Faoláin as na heisiúintí nua ceoil i mí na Bealtaine. Téigh chuig an nasc thíos lena gcluinstin🎵
nos.ie/news/rianta-na-miosa-…
Chuaigh Oisín a thumadh itseach i ndomhan an ióga leis an leabhar nua ‘Fascist Yoga Grifters, Occultists, White Supremacists and the New Order’ le Stewart Home. Léigh an léirmheas iomlán thíos👇
nos.ie/news/leirmheas-fascis…
Rinne Laura Heeney iniúchadh ar thuarascáil an tSuirbhé ar Dhearcthaí i leith na Gaeilge 2025. Briseann sí anuas cuid de na staitisticí agus gnéithe áirithe den tuarascáil a léiríonn borradh faoin spéis sa teanga.
Brúigh an nasc thíos lena léamh👇
nos.ie/news/cad-a-leirionn-a…
Rinne Féile na Gealaí ceiliúradh ar 10 mbliana den fhéile an deireadh seachtaine seo i Ráth Chairn. Thug ainmneacha mór le rá amhail Clann Mhic Ruairí, Huartan, Jiggy, agus Sexy Tadhg faoin ardán.
Brúigh an nasc thíos👇
nos.ie/news/feile-na-gealai-…
Tá Féile na Gealaí leis na seoltaí a scaoileadh saor inniu agus clár lomlán beartaithe ag lucht eagartha na féile don deireadh seachtaine i Ráth Chairn. Léigh alt Anna Nic Gafraidh ar NÓS thíos👇
nos.ie/news/gealra-gaeilge-a…
Chuaigh Eilís Nic Lochlainn ar thuras bóthair leis an scannán nua ‘TRAD’ le Lance Daly agus imní an déagóra sa tsuíochán cúil. Glacann Megan Nic Fhionnghaile an príomhról sa scannán.
Léigh an t-alt ar fad thíos👇
nos.ie/news/leirmheas-trad-t…
Beidh féile nua - Griantrad - ar siúl i gContae Lú Dé Domhnaigh 21 Meitheamh a nascann an ceiliúradh ársa ar an ghrianstad leis na healaíona traidisiúnta.
nos.ie/news/griantrad-ceiliu…
Léigh an t-alt seo le Tomaí Rua faoin chuairt a thug sé ar Bhailí, agus faoi na tuairimí atá aige maidir leis na dúshláin shuntasacha atá roimh an oileán.
Bhí an t-ádh orm go raibh mé in ann cuairt a thabhairt ar ar Bhailí na hIndinéise i mbliana.
Tá áilleacht iontach ann - idir an dúlra agus na déithe - ach ní raibh mé in ann neamhaird a thabhairt ar na scamaill dhorcha os cionn an oileáin bhig ghlais...
nos.ie/news/beannu-agus-trua…
Bhí foirne rugbaí as Éirinn ag imirt i gcoinne foirne as an Fhrainc i mBilbao Thír na mBascach an deireadh seachtaine seo caite agus dá bharr sin chroch údaráis iompair Bilbao fógraí eolais i nGaeilge, i mBéarla agus i bhFraincis ar mheitreo na cathrach.
nos.ie/news/fograi-gaeilge-a…
Is albam gruama é an saothar is déanaí ó Mick Flannery, ach tá máistreacht nach beag agus scéalaíocht den scoth le cloisteáil ann leis.
Léigh an léirmheas anseo.
nos.ie/news/the-house-must-w…
Bronnadh Gradaim NÓS 2026 oíche Dé Sathairn seo caite sa Black Box, Béal Feirste. Bhí scoth na gceoltóirí ainmnithe i naoi rannóg éagsúla, agus bhí an áit plódaithe le lucht na Gaeilge agus an cheoil ó fud fad na hÉireann @nosanseo
Scéal iomlán thíos👇:
meoneile.ie/cultur-agus-eala…
Bhí Totó ar dhuine de na daoine ba mhó a chuir ceol traidisiúnta na Colóime ar an ardán idirnáisiúnta agus thaistil sí fud fad an domhain ag scaipeadh rithimí clúiteacha na tíre.
nos.ie/news/toto-la-momposin…
Tá jab iontach déanta ag an stiúrthóir François Ozon ach seans gur chóir do bhreathnóirí píosa taighde a dhéanamh ar an ábhar roimh ré.
Léirmheas le Ross Coleman.
nos.ie/news/letranger-coiriu…
Bronnadh 9 ngradam ar cheoltóirí agus ar bhannaí na Gaeilge in The Black Box, Béal Feirste, Dé Sathairn. Léigh tuairisc ar an oíche anseo.
#GNOS26nos.ie/news/huartan-agus-tor…
An gcluineann tú an macalla álainn sin? Beidh Eve Belle ag seinm ag ⭐️Gradaim NÓS 2026⭐️ #GNÓS26
Faigh ticéad ar Eventbrite: eventbrite.ie/e/gradaim-nos-…
GRADAIM NÓS 2026 | Black Box, Béal Feirste | 16.05.26
Chuaigh Tomás Ó hAodha ar ghig de chuid THEATRE i mBéal Feirste. An banna rac-cheoil ailtéarnaigh Black Nylon a thug tacaíocht ar an oíche.
Brúigh an nasc thíos lena léamh👇
nos.ie/news/borradh-faoin-ra…